School: Ladhar (B.), Bán-Tír (roll number 3269)

Location:
Lyre, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Halladáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0361, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0361, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ladhar (B.), Bán-Tír
  2. XML Page 429
  3. XML “Laethanta na Bó Riabhaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. By Denis Bowler, Coolroemore

    Bíonn mór-chuid feirmeóirí leibideacha ann nach mbíonn dóthain an Earraig féin de'n bhféur tirm acu dos na buaibh, agus go mbíd ar tógáil sar a mbeireann an raidhse amuigh ortha.
    Bhí sean-bhó i n-áit éigin agus bhí droch-bhail uirthe le linn an Mhárta. Bhí eagla uirthi go marbhóchadh fuacht agus feannaid an Mhárta í, mar a marbhuigheann sé na sean-daoine. Seadh, dob'fhada léi go raibh an Márta imthighthe, agus nuair a tháinig an lá deirionnach de, bhí eirighe croidhe uirthe agus ars ise,
    " Bíodh an diabhal agat anois, a Mhárta, táím annso it aimhdheoín "
    Cad a dhein an Márta acht iasacht trí lá d'fhagháil ó'n Aibreán. Thosnuig an chéad lá le gaoith adtuaidh - gaoth dubh nimhneach, agus sioc istoidhche. An tarna lá, do chaith flich-shneachta agus cloch-shneachta anuas, go ndeachaidh an fuacht go smior sa bhudóig bhoicht. Tháinig séideán sneachtaidh an oidhche sin a líon gach poll is póirse agus d'fhág coinnle reódha ar sileadh le díon is fál. Bhí carnáin sneachtaidh is leach-oidhre ins gach áit an tríomhadh lá agus fuacht ann a raghdh trí cláir déil. Bhí an bhó bhocht ar a tárr i n-áirde marbh roimh oidhche an tríomhadh lá.
    Tugtar laetheannta na bó riabhaiche ar thrí lá tosaigh an Aibreáin, ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. the Days of the Brindled Cow (~51)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó h-Áilleadáin
    Gender
    Male
    Informant
    Denis Bowler
    Gender
    Male
    Address
    Coolroe More, Co. Cork