School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá Nollag an chéad lá saoire sa bhliadhain. Sé an nós atá ag muinntir an cheanntair seo ná dul go dtí an t-Aifreann. Tugtar Oidhche Nollag ar oidhche an 24adh. lá. Lastar coineal ins gach fuinneoig an oidhche sin, agus is é an té is óige ins gach tigh a lasann iad. Lá 'le Stiopháin téigheann buachaillí óga an cheanntir seo ó thigh go tigh agus tor coillinn nó eidhneáin aca, agus an dreoilín i lár an toir aca, agus iad ag bailliú airgid. Lá le Brighde téigheann gasradh ógánach ó thigh go tigh leis an mbríghde óg, agus bíonn gach aoinne aca dathuighthe. Bíonn ceól aca, agus deineann siad greas rínnce ins gach tigh. Lá 'le Pádraig caitheann gach aoinne seamróg i n-onóir Phádraig, mar leis an t-seamróig a mhúin Pádraig rúindiamhar na tríonóide.Lá 'le Mhíchil téigheann muinntir an cheanntir seo go dtí an Pátrun, agus tugann siad turas tímcheall ar h-tobar Mhícíl. Lá Bealtaine tugann an chéad(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Bólas, Co. Kerry