School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 190
- XML “Scéal i dTaobh na bhFiann”
- XML “An Gorta”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thus i gCill Seanna agus chun dul amú a chur ar Fhionn do bhuail sé tímcheall an tuair. Táinigh an oidhche ortha thuas ar an gcnoc. Do chaitheadar an oidhche fén lic mór agus Fionn go dian ar a dró[?]. Ó shoin amach glaodhtar leaba Dhiarmada air. Is mór siúbhlaí bocht do fuair fothain san ló agus loísdín san oidhche ann.
- Do thagadh na daoine ó'n meadhon tír go dtí na Cealla tímcheall am an Gorta, mar do chothuigheadh na h-uaisle iad. Bhí seisear ann agus ó bhuail an Fiabhras iad bhíodar sínte i bpoll. Do fuair ceann aca darbh' ainm dó Séumas Leathan ó Rínn bás agus glaodhtar Poll an Duine Mharbh ar an áit ó shoin. Bhí sé ann ar feadh choigchíse. Bhí bean ag teacht abhaile ó'n gcathair agus fuair sí lagacar ar an mbóthar. Tháinig Séumas cúiche agus d'iarr sí air é do chur agus do chuireadh é annsan.
(no title)
“Abfhad sara deineadh bóthar Chealla bhí abha ag rith annsúd.”
Abfhad sara deineadh bóthar Chealla bhí abha ag rith annsúd. Bhíodh sprid bán gléigeal ag damhas ag béal na h-abhann. Oidhche amháin tháinig tuille mór san abhainn agus do chur san isteach ar an mbanrioghain. Do labhair an bhannrioghan leis agus dubhairt sí leis an abha dul síos i ngleann eile, agus(continues on next page)