Scoil: Gort Leitreach (uimhir rolla 15960)

Suíomh:
Gortletteragh, Co. Leitrim
Múinteoir:
Seosamh Mac Cionnaith
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0214, Leathanach 308

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0214, Leathanach 308

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Leitreach
  2. XML Leathanach 308
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    spadach - móin bhán eadtrom....

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Reagóg - plannda nó sceach beag a fhásas sa bportach, ar a mbionn baladh ait, deirtear go rúaghann sé cuileóga as an tigh

    Próchóg - féasta a bhíos ag na páistibh Domhnach Cásca
    Daróg - áit eadoimhin san abhainn
    Líbín - rud beag fliuch; iasc beag
    Proch - teach beag gan aer
    Sliog - lán béil
    Steall - le caitheadh amach
    Tú-Rú - torann; tóir
    Gernan - gáire
    Scamhacán - garsún
    Drácaí - fliuch
    Fóidín - fód beag; ferim bheag
    Tochar - casán
    Aerach - pian sa méaranraibh mar gheall ar fuacht
    Prib - cos stibhín - (féach thuas)
    Slaimín - straoil
    Brochán - stuf a déantar as plúr agus bainne agus tugtar do pháistibh nó cuirtear ar bocstí, cabáiste, srl.
    Tuirtín - bannoc
    Tocher - casán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Faisnéiseoir
    J. Cabreavy
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 88
    Gairm bheatha
    Farmer (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Lear, Co. Leitrim