School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 259
- XML “Fir Laidre a Bhí ann Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bfairrge é an fhaid sin nar fhead na daoine é fhail airíst.Bhí Seán Seoíge as Uachtarárd in a fhear an laidir. Chonnaic mé fein é. Cailleadh é tuairim's (?) triocadh bladhain o shoin. Bhí sé in a sheanfhear an uair sin. Chualaidh mé go raibh sé dá cheud a dhiriu (?) suas, ceann in a láimh clé agus ceann in a láimh dheis.Bhí ear eile in a chomhnaidhe i nUachtarard suas le trí scór bladhain o shoin. Padraic a' Runaidhe a b'ainm dó. Bhí sé i riocht mala mór gainimhe a bhriseadh agus a láimh chur isteach ann go dtí bachlann a laímhe le buille dá dhorn. D'imir sé fice cluiche liathroid laímhe i nGaillimh lá le (?) gaisgidheach a thainic ann ó Bhaile Atha Cliath le coimhlint leis. Bhí an bheirt aca sáruighthe amach. Bhí an buaidh ag Runaidhe agus thainic sé abhaile. Bhí sé 'na chomhnaidhe an uair seo i nGaillimh agus bhí a mhac in a dhochtúir. Chuir an mac iachaill air siubhal trí mhíle síár go Bearna agus ar ais airíst. Thug sé gloine fuisge dó agus chur sí in a chodladh é ar shop tuige ait a raibh corr (?) draincead. Ní bhfuair Runaide morán suaimnis ar feadh na h-oidhche acht ní raibh tada air. Bhí an fear eile seachta 'na chorp aít ar codail sé i leabhaidh cluimh. Chualaid mé go raib Runaidhe i riocht mala dá cead nu fir (?) cloch a caitheadh thar a cheann.(Slan agaibh)