School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 257
  3. XML “An Gabhar, an Chaora, an Múile agus an Poitín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sheas an múile suas gan craiceann gan fiadhnach. Scannruigh Seumas ar fheiceal sin (?) dó, acht níorb leis do b'fhaillighe é. Chuir sé lomra na gcaorach agus craiceann an gabhair ar an múile agus cheangal sé iad ar an múile le driseacha. Mhair an múile dhá scór bladhain in a dhiaidh sin agus ní raibh bladhain as sin amach go bhfuair an múile bás nach mbiodh seacht bpaca olna agus ceithre bharaille do smeuraibh dubha fásta air.
    Lá a raibh Seumas bocht théis theacht abhaile fliuch baidhte on margadh fuair sé an bhean na suidhe ag an teine go te teólaidhe compóirdiul. Labhair sí.
    "Muise, a Sheumuis, ar sise "tharla fliuch tú, teighrigh amach ag an tobar agus tabhair isteach caintín uisge."
    Chuaidh Séumas amach agus thug sé an t-uisge isteach agus dhoírt sé chuile dheor a bhí ann anuas ar a cloigeann.
    "Anois" arsa Seumams "a bhean chóir, tharla fluich thú, teigrigh amach thú féin agus tabhair isteach caintín eile."
    Sul a bhfuair Seumas bás bhí gabhaltas mór talmhan aige agus neart beithí agus caora agus seisneach capall.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Language
    Irish