School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 255
  3. XML “An Gabhar, an Chaora, an Múile agus an Poitín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ar a' bPolach (Roscathail, Co. na Gaillimhe) tuairim 's trí scor bliadhain o shoin. Seamas Mac Carthaigh nu Cartúir ab ainm dó. Phós sé bean as Lios Uachtar, áit taobh thiar de Uachtarárd. Sé an spré a fuair sé le na mhnaoi gabhar agus caora. Ní raibh teach na árus (?) ag Seamas bocht nuair a phós sé ach níor bhain sin an mhisneach de. Nuair a bhí sé féin agus a bhean théis pósadh thug sé léi abhaile í agus ar an mbealach abhaile dóibh thug sé isteach i bpuitín gabhar. Ar an bpoinnte thosuigh sí ag clamhsán faoi an áit - bhí sé ró bhocht - ní raibh teallach ná simléar ann agus boladh láidir na ngabhar i ngach áit ann. Dubhairt Seamas léi go mbfearr é go mór ná an ait a bhí aige féin nach raibh ait ar bith aige. Fuair sé tuagh annsin di agus chuir sé iachall uirthi cleiteacha a ghearradh agus cabán a dhéanamh. Nuair a bhí sé sin deunta aici thug sé laighe di agus dubhairt sé léi scrachacha a bhaint agus iad a chur ar an gcabán. Fuair sé speal di annsin agus dubhairt sé léi cíb a ghearradh. Beigean di é a dhéanamh agus beigean di scolb a bhaint agus díon a chur ar an gcabán. An fhad is bhí sise ag obair bhí Seamas féin ina shuidhe síos ag caitheadh tobac.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Language
    Irish