School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 249
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    AN INID
    Seo an seasúr ó Nodlaig go dtí an Carragas - seasur in a bpósann an chuid is mo do na daonaibh. Bíonn deireadh leis le Mairt na hInide, an lá roim Ceadaoin a'Luaitridh. Sé Ceadaoin a' Luathrid an ceúd lá Carraigse. Teigheann go leor do na daonaibh ag an Aifreann an lá seo, agus cuireann an sagart an luaithre ar a mbaithis le chur i gcuimhne dóibh gur as cré a ndearnadh iad agus go n-ionntadh siad go cré théis a mbáis.

    DOMHNACH NA CAILCE
    an ceud Domhnach i gCarragas. Cuirtear marc, crois go h-iondual, ar dhruim na seana bhaistileírí an Domhnach seo le cur i gcéil doibh féín agus do chuile dhuine eile gur baistiléirí iad agus go bhfuil sé thar ám aca a bheith pósta. Ní go minic a deantar é anois. Tá an iomarca aca ann agus níor mhór go leor cailce a bheith ag duine. Bheadh nios mó na leath an phobuil le stroiceadh.

    Daordaoin na Comaoine no Daordaoin Beannuighthe
    An lá roimh Aoine an Chéasta. Ní moran oibre a bhiod ag siubhal an lá seo. Ceadaoin a Bhraith an lá roimh Daordaoin na Comaoine.

    AOINE AN CEÁSTA
    Teigheann an cuid is mo do na daonaibh ag an seipéal i rith an lae seo. Deanann an cuid is mo aca Turas na Croise agus deirtear an Paidrín Pairteach, agus is maith le go leor daoine fataí agus barrai eile a chur nu tus a cur leis an gcur an lá seo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish