School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 242
  3. XML “Cam in aghaidh na Caime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tamall in a dhiaidh an gortuigh an fear bocht é fein lá a raibh sé ag baint mona le bínn an tsleaghain. Beígean do ordog a choise deise a bhant de féin. Chuir sé i mboisgin é sa talamh.
    Tamall in a dhiaidh sin bí sé i nGaillimh agus chas sé isteach sa siopa ceudna gur chaill sé an £5 ann roimhe sin. Labhair sé leis an siopadoir mar seo.
    "Cé mheid airgid a bheas ag teasdail uait ar an meid tobac a racas ó mo smig go dtí n'ordog mo choise deise."
    D'fheach an fear air agus dubhairt sé "punt".
    "Tá sin iomarcach" ars an fear bocht acht biodh sé 'na mhargadh
    (?) an siopadoir an fhaid idir smig an fhir bhoicht agus barraibin a bróige deise agus thairg sé dó é.
    "Níl mo shaith agam sa meid seo" ars an fear bocht mar tá mo ordog dheis curtha agam i mboiscín thiar i Muicíneach idir Dá Shaile i gConamara.
    Bhí fearg ar an siopadóir acht beigean do £100 a thabhairt don bhfear bocht leis an margadh a comhlionadh.
    (Tá an sceul seo coitchian go leor sa gceanntar seo)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish