School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tráthnona agus chas siad lel socruid ag dul ag an reilg. Chuaidh an triur aca go dtí an reilg agus chonnaic siad an uaigh áit a raibh an corp curtha. I ndorcadas na h-oidhche thainic siad ag an uaigh airíst agus laigheanna agus sluasad aca. Thóg siad an connra agus bhaineadar na cosa den fear a bhí marbh agus thugadar leo iad. Chuaidh siad isteach ins an teach ósta agus chuir siad cosa an fhir mhairbh faoi ceann do na leabhtacha. D'eirigh leis an fear a bhí sa seomra sin ealdodh amach ar uair an mheadhon oidhche i ngan fhios do chuile dhuine a bhí sa teach osta acht amháin an bheirt eile. Bhí a fhios aca san go maith gur ealuigh seisean amach mar bhí an cluiche nu an seift seo deanta suas aca triur. Ar maidin nuair nach raibh an triú fear le fáil bhí an bheirt eile ag clamhsan agus chuaidh duine aca suas san seomra a raibh sé ann, in eindigh le fear an tighe ósta. Ní raibh an triú fear ann, acht bhí (?) bríste leis ann agus peíre stocaí. Fritheadh na cosa faoi an leabaidh agus dubhairt siad annsin le fear an tighe osta gur mharbhuigh seisean a gcara agus go gcuirfeadh siad i bpriosún é. Rinne fear an tighe, an ostóir(continues on next page)