School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 220
- XML “Paidín Piobaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheith aige ar an ait a raibh sé.Ní i bhfada bhí sé in a shuidhe annsin go dtainic fear mór uasal isteach gleasta mar Righ. Bhí bean uasal aluinn aluinn leis agus í gléasta ar nos bainrioghna. Damhluigh chuile dhuine a bhí i láthair don mbeirt agus Paidín leo. Sheas an fear agus an bhean i láthair Phaidin, craithedaar láimh leis agus cuireadar failte roimhe. Labhair an fear annsin."Na bíodh aon fhaitchíos ort a Phaidiín ar seisean "ní dheanfaidh aoinne dochar nu dioghbhail ort. Is Mise Finnabharra, Ri na Sideoga agus seo í mo bhean Maedhb, Bainrioghan na Sidhe. Tá tú anocht i nar bPalas i gCnoc Meadha (idir Tuaim agus Ath Cinn) le moltóireacht a deunamh ar comórtas Piobaireachta atá le bheith againn annseo - Tá fuinn a piobaire is fearr a phiocadh amach agus tá sgot na bpiobaírí annseo as Connachta agus Cuige Mumhan. Bhí tú cinealta dom agus do mo mhnaoi nuair a d'iomcur tú an mala móna dhom anocht."Cualaidh Paidín ceol iongantach an oidhche sin. Rinne sé a moltoireacht agus fuair Connachta an Craobh. Thug an Rí Paidin amach annsin agus thug sé piobaí nuaidh do a raibh eocari (?) ordha ortha agus dosanna deanta as airgead. Fuair Paidín dhá sparán óir freisin agus rud ní bfearr na iad sin uilig, féith an ceoíl(continues on next page)