School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 218
  3. XML “Paidín Piobaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí aonach ann - go leor daoine ag díol agus a cheannacht. D'fhan Paidin ag an aonach ar feadh an lae ag seinnm agus ag saothrú páighe go ndeacha an ghrían faoi san tráthnona. Thóg sé an siubhal ar fein annsin ar a aistear fhada siar go Baile na hInnse.
    Bhí sé dorcha air agus cupla míle siubhalta aige taobh thiar de Uachtarárd, acht lean sé leis go ndeacha sé comh fada siar le Bun Ganibh. (?) Shuid sé síos annsin le na sgíth a leigint agus go mbead greim beag le nithe aige. Ní raibh sé i bhfad annsin go bhfaca sé sean fhear ag teacht amach ar an mbothar treasna an phortaig agus mala mor bhead mala móna ar a dhruim aige. Nuair a thainic an sean fhear chomh fada leis bheannuigh Paidín é agus dubhairt sé go n-iomchróchadh sé an mala do piosa den bhothar. Bhí an seanfhear buidheach do. Chroc Paidín an mala ar a dhruim agus thug sé na píobai don sean fhear agus d'imthigh acad (?) beirt go dtainic siad go dtí teachaín beag ar thaoibh an bhothair. Chuaidh siad isteach. Bhí sean bhean istigh; chuir sí failte roimh Phaidin agus thug sí biadh agus deoch dó. D'fhan Paidin ag seancus leo tamall agus labhair an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish