School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 209
- XML “Cill Chuimín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá Cill bheag ar thaobh an bhothair idir Oifig an Phuist agus teach tabhairne Muinntir Conshnáma i Roscathail. Naom Aithninn a bhí ann adeirtear. Tá cill eile i n-aice le Seipeal Cill Aithninn i dtalamh Eamuinn Ui Fhlathbeartaigh. Tá Bullán na Naomh tuairim agus ceithre cead slat soir uaidh. Tá sean cill eile i Reilg Cille Aithninn. Cuirtear Muinntir Laidhigh istigh ann.Tá cill bheag eile agus tobar beannuighthe Naoimh Aithninn i n-aice le Loch Lonan nu Ros an Rosa. (?)Tá cuid bheag den caisleán a bhí ag Nimble Dick Martin le feiceal fós. Tá turín na gcolm in a seasamh fós acairín uaidh i Halla na mBeith (?) in aice le Locha Coirib.Tá bun trá Chaislean Lochara le feiceál fós ar Oileán an Chaisleain i Loch Lonan. Ba le Muinntir Allmhurain an caislean seo acht deirtear gur leag Moróg na dTuagh é i n-aimsir Eilíse. B'eigean do Mhuinntir Allmhúrain imtheacht as an áit annsin agus shocruigh cuid aca(continues on next page)