School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 207
  3. XML “Seanchaisleáin, Eaglaisí agus Eile sa gCeantar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Crón mí dhilis don bhainrioghan acht dubhairt Morog na dTuag do Bingham a bhí an uair sin in a Ríaltóir ar Chonnacht go raibh sé mí dhilis agus thainic Bingham le arm agus le gunnaí móra agus d'ionnsuidh sé fein agus Moróg an Caisleán. Rinneadh reidtheach eatorra agus cuireadh Domhnall Cron as seilbh an chaisleain agus tugadh do Morog é. Rinne Moróg suas é agus chomhnaidhe sé ann gur cailleadh é. Ba é sin an cheud uair aríamh gur tugadh gunnaí móra nios fuide síar na Gaillimh. Rinne Morog an caisleán do laidriú agus do dhaingiú. Bhíodh sé dilis do Shasana nuair nach mbiodh aon neart aige air, agus mí dhilis nuair a bhiodh sé i riocht seasamh (?) anaghaidh an Rialtais go teann.
    Bhí na Flaithbeartaig in a gcomnuidhe sa gcaislean seo go dthí le leith chead bladain ó shoin. Ba é Caisleán Achadh na nIubhar Phriomh Caisleán Iar Chonnacht. Bfiu é fheiceal anois féin ce go bfuil go leor do na ballaí leagtha timceall air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish