School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 203
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Biadh na Sean Aimsire
    Fataí agus brochain min bhuidhe is mo a bhiodh ag na daoinibh fadó. Bá gnáth do na fearaibh a bheith 'na suidhe go moch an t-ám seo do bladain. (Deire Fóghmhair) roimh eirge gréine. Ní bhiodh greim ar bith le fáil aca go mbeadh suas le trí scór slat de iomaire fataí bainte ag gach aon duine aca. Fataí do bhiodh aca annsin agus bfeidir mug bainne reamhair nu leamhnachta dá mbeadh sé ann agus pláta gabaisde príalta (gabaisde gan feoil - ní bhiodh feol aca agus ní bhiodh an gabaisde sa bpota thar deich noiméad).
    Amach leo airíst ag obair go h-oidhche agus ní bhiodh aon rud le fail aca le n-ithe go dtí an oidhche - dhá bheile sa ló. An rud ceadna san oidhche fataí agus bfeidir bainne - amannta le gabaisde priálta nu bfeidir turnapa nu dilisc. Ní bhiodh moran cainnte ar im. Ní bhiodh cainnt ar bith ar bfeoil acht bfeidir faoi Nodlaig. Maidir le arán nu táe ní raibh tracht air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish