School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 193
- XML “An Cloigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhuail sé ar an doras agus leigeadh isteach é. Seanfhear a bhí istig ann agus d'fhailtigh sé é; thug sé suipeár maith do agus chuir sé ar leabaidh compoírdiul é i n-einfeacht le beirt pháisde.Ar maidin thug sé a breicfeasta dó. D'innis an mac óg do annsin faoi na rudaí a bhfaca sé ar a bhealach chuig an teach agus d'fhiafruigh sé ar an seanfhear innseacht dó cen chiall nu miniú a bhí leis na h-iongantaisi a chonnaic sé.Labhair an sean fhear leis annsin agus d'innis sé dhó an chíáll a bhí leis na rudaí a chonnaic sé.
NA CAORAIGH REAMHRADaoine bochta a bhí ionnta seo ar feadh a saoghail a bhí sásta le toil Dé agus a choinnigh A dlighe. I ngeall ar sin bhiodar geanamhail i n-ámharc Dé.
NA BEITHÍ TANUIDHEDaoine iad seo a bhí saidhbhir le saidhbreas saogalta acht ní raibh siad sásta le toil Dé agus bhí ocras ortha i gcomnaidhe ar mhaoin agus airgead saogalta. I ngeall ar sin ní raibh siad dathamhail i n-amharc Dé ní raibh siad faoi na cumdach.