School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 191

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 191
  3. XML “An Cloigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí seanfhear ann uair amháin agus bhí mac aige. Bhí an mhac pósta acht cailleadh a bhean agus a bheirt phaisdí. Bhí fiaca orra agus d'imthigh an mac le airgead a shaothru leis na fíacha d'íoc. Tamall in a dhiaidh sin cailleadh an sean fhear freisin, acht sul a bfuair sé bás ghuidh sé Dia nach bhfagfadh an t-amharc as na suilí go bfeicfeadh sé a mhac airíst,.
    Cuireadh an sean fear sa reilg. Tamall in a dhiaidh sin bhí beirt fhear ag siubhal trid an reilg agus chonnaic siad cloigeann fir ann. Thug duine aca speach don chloigeann, acht dubhairt an fear eile leis nar cóir dó é sin a dheunam, go mbfeidir nach ndeanfadh sé é da mba rud é go raibh an ceann in a bheatadh. Thog sé suas an cloigeann agus d'fág sé é isteach i dtom neanntog.
    An oidhche sin chonnaice sé an ceann airíst agus labhair an ceann leis. Dubhairt an ceann leis an sgeul a innseacht don sagart agus an cloigeann a cur ar an altoír go dtuitfeadh na suilí amach as. Rinneadh amhlaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0470: Friends in Life and Death
    Language
    Irish