School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 186

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 186
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé leis an gcainnt a chuala sé ag na daoine a bhí istigh. Fear agus a bhean a bhí istigh agus iad ag argóint agus a clamhsan le ceile. D'eirigh an chainnt go cruaidh eatorra agus thosnuigheadar ag eascanaidhe. D'eist an buacaill leis an gcainnt ar feadh tamaill agus annsin d'imthigh sé abhaile.
    Chuaidh sé ag an Aifreann an Domhnach in a dhiaidh sin agus leag sé a chóta ar an gá soluis acht an babhta seo níor choinnigh sé suas é - thuit an cóta ar an t-urlar. Bhí fhios ag an mbuachaill gur gá soluis a bhí ann annsin agus scannruigh sé. Chualaidh an sagart faoi an rud do tharla agus chuir sé fios ar an mbuacaill seo agus d'innis seisean a sgéul dó.
    "Rinne tú eagcoir ort féin agus fanacht ag eisteacht le beirt ag argóint agus ag bruighin" ars an sagart "acht teigh abhaile agus ná tar ag Aifreann nios mó. Ní fheillean sé duit theacht i measg na ndaoine. Naomh a bhí ionnat an cheud Domhnach a thainic tú annseo agus fuair tú comhortha o Dhia fanacht i d'aonraic mar bhí tú."
    (Fuair mé an sceal seo ó mo mhathair mhóir a cailleadh os cionn 30 bladhain o shoin i n-aois a 87 bladhanna)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Folktales index
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Language
    Irish