School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 183
- XML “Poitín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ceithre lá. Tógtar é annsin nuair atá an bárr tuitighthe sios go tóin an bharaille agus curitear isteach sa bpota nu san "still" é. Cuirtear teine bheag faoi. Teigheann an caipin ar an bpota annsin agus an piopa casta, an "worm" thíos i mbairille fuar uisge. Teigeann an gal amach trí an pioba cam casta agus amach i soitheach beag atá faoi. Deantar é seo leis an mbeóir ar fad. Tá an "singil" agat ansin.Nuair atá an singil ar fad tarrnuigthe caithfear é cur isteach sa bpota aríst agus é a tharraint airíst. Tá poitin agat ansin.Is fearr an ceud galun a thiocfas amach na an chuid eile dhe An "Blogam Bróach" nu "Tús a' Phota" a dtugtar ar seo. Tá sé an láidir agus bionn tóir air le h-aghaidh scoilteacha. Cuirtear fuar uisge isteach san bpoitín annsin go mbí sé lagaigthe aca síos go "Proof."Deanann cruithneacht poitin láidir - acht ní bhíonn sé(continues on next page)