School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 172
- XML “Ceirdeanna - Gaibhneacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuirfeadh sé cré os a cionn. D'faghadh sé annsin é go dtí an lá ar na mhaireach agus toigheadh sé é aríst. Cuireadh sé sa teine é airist agus lasadh sé é. Le "gaoth teann bhuilg" d'fheadfad sé teas iongantach maith a goradh agus deir na sean daoine go mba easgaidh don gabhainn faghairt maith a chur ar an iarann le teas móna na le teas guail ar an gcaoi seo.Bhí na sean gaibhne i riocht laighe a dheunamh a gearrfad cloc - sleaghan a gearrfadh an gcumhas agus pice nach mbrisfeadh. Bhiodar i riocht faobhar a chur ar sgin nú ar mhidach a gearrfad trí leath choroin da dtuitfeadh sé ortha ó airde shlait. Is doice gur thuig na sean gaibhne an chaoi a bfearr cruadhas nu fabhairt a chur ar uirlisí - bhiodh sé cruadh agus bhiodh roinnt beodhchas ann fresin. Leigfeadh sé leis roinnt sul a mbrisfeadh sé . Bhiodar thar cionn ag cur faobair ar oirnéis. Bhodh eolas aca freisin ar thinneas a bhiodh ar capallaibh agus i riocht iad a leigheas. Is minic a chonnaic mé fein maide thios sa bportach suas le sé nu seacht ordlach ar leitheadh agus cuma air go raibh sé gearrtha leis an gceud bhuille de thuagh