School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go gcuirfeadh sé margaidhthe agus aontaighe ar bun ann, agus go mbunuigheadh sé Dlighe Sasana ann. Daontuigh Gincle leis seo agus thainic Dick abhaile, agus chuir sé faoi ag hAlla na mBeith i n-aice le Loch Coiribh gar go leor le Achadh na nIubhar agus le Pairc an Leamhan. (Lemonfield). Bhí sé os cionn 50 bladhain an uair seo.Ní call dom a radh nach raibh gradh na cion ag na Fláthartaí ar Nimble Dick. Bhí mac og ag Dick faoi seo, Ribéird nu Robin. Chualaidh sé seo gur labhair sean taoiseach Achad na nIubhar go maslach anaghaidh a mhathar fein, agus d'imthig sé leis 'na aonraic go bog teith agus a chlaidheamh tarrnuighthe aige a chur dubhslain ar an seanfhear. Níor sheas sé as a rith go ndeacha sé go Caisleaán Achadh na nIubhar, agus gur d'fhogair sé cath ar an seanfhear. Nior eitigheadh é agus shocruigh siad troid le claideamhacha ar capallaibh. Bhí an sean taoiseach i riocht é féin a chosaint go maith, mar bhí cleachtadh mhaith aige ar throid le claidheamh, agus ar phionnsaidheacht. Acht bhí mac diomaoinis aige agus shaid sé claidheamh i ndruim an fhir oig. Saidhead marbhtach do beadh é. Scannruigh an capall agus dimthigh sí 'na cos an airde agus an fear gonta ar a druim go dtainic sí go dtí an Faithce (Roscathail)(continues on next page)