School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 134
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá cuid mhaith do na Mairtínigh curtha i Reilg Cille Aithninn.”
Tá cuid mhaith do na Mairtínigh curtha i Reilg Cille Aithninn. Tá tomba aca ann. Is ann atá Riocaird Mairtín, agus Nimble Dick curtha, agus An Taoiseach Poppleton - fear airm a bhí i San Helena ag tabhairt aire do Napoleon. Briseadh as Arm Sasana é nuair nach raibh sé sásta bheith 'na spiadóir ar Napoleon - agus innseacht chuile thráthnona don Rialadoir Hood gach focal a labhruigheadh Napoleon. Thainic sé abhaile do mhuinntir a mhna - ba ingean do Ribeird Mairtín i. Mhair sé sa Ros le suim bladhain gur cailleadh é. I Reilg Cille Cuimm a cuireadh é.Ar an Obhar a rugad beirt raithe a rug leo Craobh an Domhain Mhoir le luathas tuairim 's 30 bladhain o shoin - siad Tomás O Neidín, Gaillimh, agus Seán Seoíge - Nua Eabhrac.I n-aice leis an Gort Mór tá le feiceal fós an Aill Obhar. Tá sgeul sa leabhar seo faoi - "Cinéal a Chana".
Tá sean minach luaidh san nGort Beag. Níor togadh aon luaidh as le trí scor bladhain anois. Deirtear gur togadh go leor luaidhe as uair amhaín. Acht bhí strainseírí san áit, agus tharla scannal ecínte. Shiubhal an sagart thart in aice na mianiagh agus chaith sé smugairle isteach ann. As sin amach líon sé le uisge agus nior fhead na daoine é a thiormu na a thaomú agus beigeann dóibh an míanach a fhagail in a ndiaidh. Tá an mianach let mhíle siar o Loch Coirib. Mianach aoil tá san talamh timcheall.