School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 119
  3. XML “Réamonn an Orlaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ibhfuinneoig na cille. D'arduigh Reámon a chlaidheamh agus tharraing sé buille uirthi gur bhain sé an cloigeann dí den chead iarracht. Thuit deor fola ar a mhéar agus chomh tuisge is do thuit bhain sé an mhear de feín le na chlaidheamh. Labhair an t-ollpheist leis annsin - dubhairt sí go raibh sí i bpein mhóir agus buille eile nu dó a thabhairt di, chun í do mharbhadh 'mach sa 'mach. Acht ní dhearna Reámon é. Theis sgathaimhín d'eag an t-ollpheist agus chuaidh Reámon abhaile.
    Tá portach idir Reilig Chille Chuimin agus Loch Coirib, agus deir na sean daoinibh go dtainic daoine a bhí ag baint móna fadó ar an bportach sin - go dtainic siad ar bealach faoi thalamh a bhí ag an ollpheist ón loch go dtí an Reilg.
    Tá Reamon curtha i Reilg Cill Chuimin, agus tá leac os a chionn agus cloideamh gearrta uirthí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish