School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 112
- XML “Muintir Laidhigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a fir i gConndae na Midhe. Bhí failte roimpi annsin. Tar eis tamaill rug sí mac óg.Do h-oileadh an mac óg leo le foghluim is leighinn gur shrois sé aos fir. Ar shroisint sin dó rinne a shean-atair, nu a athair mór flead is féasta agus thug sé cuire do uaslaibh na h-aite. Ag an suipeár d'innis sé sceul a mhic fein don comhluadar agus d'íarr sé a gcongnamh ortha le dioghaltas agus sasamh a bhaint amach. Ghealladar sin, agus ar maidin lá ar na bharac thug a fear og agus a mhathair agus buidhean teann laidir aghaidh ar Chonamara.Ar shcroisint d'Achad na nIubhar dóibh, chonnaic an mhatair a triur driathair ar an bportach piosa ón gcaislean. Dubhairt sí le na mac gurb iad an triur sin, a thriur oncail do mharbhuigh a athair. Ag tarraingt a chlaidheam leim an fear og treasna na h-aibhne, agus stad ní dhearna sé gur bhain sé na cloigne dá thriur oncail. Nior leig an mhathair do nios mo aír a dheunamh lé go raibh brón ar thaoiseach Achad na hIubhar as ucht bais a dtriur mac, bhí athas air bean a mhic agus a mac a fheiceal slán. Chuir sé failte rómpa agus dubhairt sé nach bhfuair a thriur mac acht an meid a thuill siad. Thug sé talamh an Ghleanna do Mac Uí Laidhigh agus mhair sé ann as sin amach, é féin agus a mhathair faoi churam agus faoi coimirce Taoiseach Achadh na hIubhar.(continues on next page)