School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 272
- XML “Nósanna Pósta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An oidhche sin bíonn báinfhéis insan teach. Bíonn an teach lán le daoine cuid aca óg agus cuid aca aosta. Bíonn na cailíní agus na buachaillí ag damhsadh agus ag seinm céoil agus na daoine aosta ag féiceant orra agus ag innseacht sgéala. Bíonn tae mór ag na daoine agus gheibheann cuid aca píosa de cacha na báinnse. In mó cheanntar gléasann cúpla cailiní is buachaillí iad féin in éadaigh gíobalacha agus pucóg ar a n-agaidhte agus teigheann siad isteach chuig an báinfheis agus gheibheann siad lean nó uisge beatha agus bíonn ama spoirt aca ag damhsa leo fhéin.Tá a lán písreóg faoí posadh. Deirtear múna mbíonn tráthnóna an phósadh bread nach mbéid adh orra.
Nuair bíonns an bheirt ag teacht abhaile óm Séipéal má cásann fear orra ar dtús déirtear go mbéid ádh orra.
Déirtear gu mí mí-adhmhail chun pósadh mí Bealtaine.
Nuair a thaganns an lánamha abhaile o'n Séipéal teigheann siad ar a nglúin ar an gceársach agus briseann bean pósta císte na báinse ós a gcionn.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní hEigcheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kilsallagh, Co. Galway