School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)
- Location:
- Shanballard, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo é an chaoi a cuireann mo dhearbhrathair na fataí san bhfeilm. Ullmhuigheann sé an talamh ar dtús. Treabhann sé é agus gníonn sé iomairí timcheall trí troigh ar leitheadh agus fágann sé mar sin é ar feadh coicíse nó mar sin. I ndeireadh na h-ama sin fuirsigheann sé arís é agus gníonn sé mín réidh é. I rith na coicísí sin beireann sé cairteanna aol amach ó'n cairn aoiligh agus fágann sé ar ceann an ghuirt é. I rith na h-ama sin geárrann mo mháthair na sciollán amuigh san sgioból agus fágann sí súl i ngach sciollán mar is as na súile sin a thagann an gas. Annsin beireann mo dhearbhrathair na sciollán amach do'n gort agus leathann sé aol ar na h-iomairí agus leathann sé na sciollán ar an aoil. Cuireann sé trí sciollán treasna na h-iomairí timcheall troigh i bhfad o chéile. Annsin tochallann sé an díog a bhíos ar gach taobh de'n iomaire agus cuireann sé lár suas ar na h-iomairí agus clúdaigheann sé na sciollán. I gceann míosa nó mar sin tagann na gasa aníos ó'n gcré agus annsin cuireann sé lán suas ar na h-iomairí arís agus clúdaigheann sé na gasa leis an gcré. "Ag cur suas lán" a tugtar ar an obair seo agus nuair a bhíos na baslóga timcheall orlach o's cinn an talamh baineann sé na fiadhaile a fásann isteach tríd na gasa. Tar éis tamaill eile spréadhann sé iad trí uaire in dhiaidh a chéile agus bíonn trí seachtmhaine idir gach spréadháil. Fágtar ag fás iad annsin go dtagann an Fhóghmhair.