School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 216

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 216

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 216
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé Cluan Catha an t-ainm atá ar an áit a bhfuil mé i mo chómhnuidhe. Tá sé i bparáiste Cill Tullach agus tá sé i mbarúntacht Chill Chonnaill. Tá sé tighthe dhéag ann. Tá cinn slinne ar ocht cinn aca agus tá cinn tuighe ar an gcuid eile aca. Sé Cluan Catha, Móta Gráine Óige, Béal Ath na Sluaigh, Conndae na Gaillimhe an sloinneadh coitcheannta atá air. Cuireadh an t-ainm Cluan Catha ar an áit mar deirtear gur briseadh cath mór millteach ann fadó.
    Tá móir sheisear os cionn seachtmó bliain d'aois in a gcómhnuidhe ann agus tá ceathrar aca i ndán sgéalta innsint i mBéarla agus i nGaedhilg. Níl mórán sean-cabhlach tighe ann. Is gnáthach le mórán daoine dul go h-Americá as an áit. Níor luadhadh ainm na h-áite riamh i n-amhrán nó i sean-radh. Tá chuid de'n talamh timcheall na h-áite go maith, agus tá an chuid eile fliuch bog agus tá a lán luachrigh ag fás ann.
    Tá coill amháin ann ar a dugtar Coill Cluan Catha. Tá cúig aibhne ann:- Abhann Sean Bhaile Árd, Abhann Dubh Cluain, Abhann Baile na Súrach, Abhann Deire na Manach agus abhann Cluan Catha. Tá sé locha i mo cheanntar féin:- Loch Deire Dubh, Loch an Phóil, Loch Gainimhe, Loch Uí Grádaigh agus Loch MacCana. Is locha beaga iad siúd nach bhfuil mórán doimhneacht ionnta agus ní féidir seóltóireacht a dhéanamh ionnta. Tá siad suidhte i gceart lar an phortaigh taobh thiar de bhaile fearann Cluan Catha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Clooncah, Co. Galway