School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 407
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Rí ann uair amháin agus bhí draoidheadóir aige. Ba é an draoidheadóir a b'fhearr sa domhan an fear seo. 'Seanóir' a bhí mar ainm air. Bhí Seanóir ag taisteal na tíre lá agus agus tháinig tuirse mór air de bhárr an aimsir. Tháinig sé go dtí teach beag talmhaidhe agus d'iarr sé biadh agus deoch leamhnachta, agus píosa aráin crutihneachtan ar mhias adhmaid.
D'ith agus d'ól Seanóir a sháith agus thug sé faoi deara an fhad is bhí sé ag ithe go mba bhean tighe bheannuighte a bhí i mnaoi an talmhaidhe. Má bhí an teach beag féin bhí sé glan sgiúrtha agus bhí chuile rud in a áit féin. Ach cheap sé nach bhfaca sé riamh beirt chomh brónach leo. Ba dhuine cairdeamhail é Seanóir. 'Cé'n fáth do bhurdhartha' a deir sé le bean an talmhaidhe. Thosuigh an bhean ag caoineadh agus níor fhan smid cainte aice. 'Ó a deir an fear is beirt gan clann sinn agus dá mbeadh oiread m'ordóige de mhac againn ní bheadh bean sa domhan chomh sásta le mo mhnaoi.
D'imthigh Seanóir leis ar a bhealach agus níor fhéad sé an talmhaidhe ná a bhean a chur as a cheann ná an focal a dubhairt an talmhaidhe leis 'oiread m'ordóige de mhac'. Bhí an draoidheadóir an chairdeamhail le Bainríoghan na Sidheóg a bhí sa mbruidhean i gCnoc Meadha. Chuaidh sé ag triall uirri, agus d'innis di faoin mbeirt a bhí gan clannagus an rud a dubhairt an fear 'nach mbeadh bean chomh sásta le'n a mhnaoi dá mbeadh oiread m'ordóige de mhac aice'.
Dubhairt Bainrioghan na Sidhe go gcuirfeadh sí féin leanbh beag chuca. Ar maidin lá'r na bhárach nuair a d'éirigh an talmhaidhe bhí leanbh beag in a lámhaibh ag an mnaoi. Bhí áthas an domhain ar fhear an tighe nuair a(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Cartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 10
- Address
- Carna, Co. Galway
- Informant
- Séamus Caulfield
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 85