School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0264
- XML “An Cladach Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fear siubhail nó an deóraidhe a theigheas thár sáile
Is fhágas cuanta geala Inis Fóil
Má's i Meiriocá luighfeas a chnamha
San Gearmáin nó san Aifric Mhóir -Nach bhfágfaid seanchas 'na dhiaidh go bráth ann
An té thóigfeas é le inntinn ghéar
An méid a báthadh oidhche an ghála
'S a gcnámha bána ag tabhairt an fhéir.Nach mór an inntleacht 's a' tuiscint cinn -
Nach fad-bhreathnuigheach a bhí an sean fear úd
Adubht. "Na crochaigí na seólta láithreach
"Na sgaoilíd cábla téad ná drú
"Ná fágaí a n-aithreacha 'na ndiaidh ná a máithrín
"Ná fágaí a gcáirdí ná a muinntir féin
"Acht glacaidh suaimhreas go dtí an lá amáireach
"Mar tá mé cinnte go bhfuil gála i gcéin"D'éaluigh an ghrian thart ins na spéartha
Chruinnigh néalta i dtús na h-oidh'e
Chuaidh na héin chun suain le chéile
Ar bun na ngéag is ar bharr na gcraobh,
Tháinic dorchadas ar fuaid na hÉirean
'S ní fheicfeá léargus ar bith 'n do shlighe
Gur bhuail a' stoirm úd crocáin aerach'
Gleanntáin uaigneach' agus bánta fraoigh.(continues on next page)- Collector
- Seósamh Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na mBrobhach, Co. Galway