School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0263

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0263

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0263
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timchealls leath chéad bliadhain ó shoin cúpla oidhche roimhe Oidhche Nodlag bhí long ag tigheacht aniar an fairrge. Bhí an-cheó ann an oidhche chéadhna agus d'fhan sí an-fhada isteach leis na carraigeacha ag Baile na hAbhann i n-áit ar a dtugtar "leac an t-Salainn" anois. Chuaidh sí isteach idir dhá charraig agus níor fhéad sí corruighe as sin.
    Annsin tháinig soitheach eile agus cuireadh cáblaí as an dá shoitheach agus chinn sé ar an soitheach eile í tharraingt. Bhí go leór sailtreacha adhmaid agus stólta agus trosgáin innte. Cuireadh an t-ádhmad isteach ar na carraigeacha agus cuireadh báid fada taobh amuigh ag faire agus bhí na "Coast Guards" agus na gárdaí taobh istigh. Tháinig currachaí as gach áit agus ghoideadar gach rud dhá raibh innte agus d'fághadar follamh í agus chinn sé ar na gárdaí an t-adhmad a bhí ar na carraigeacha a chosaint acht oireadh.
    Briseadh agus réabadh an bád agus níor fághadh acht an ancoire agus tá an ancoire ann fós le feiceál go soiléar agus tá poll an Ancoire mar ainm ar an áit ó shoin agus baineann daoine feamuinn agus carraigín ar an ancoire anois.
    Timcheall 40 bliadhain ó shoin báthadh long eile ag Corradh an Chaisleain ar leac Chéip Bhí cat mór dubh innte ba leis an gcaiptín é agus bhí sé an-mhúinte. Sábháiléadh na daoine acht níl aon cúntas againn ce'n chaoí acht is dócha gur b'iad na báid fhada a chuir siad amach agus a shábháil iad mar ar maidin bhí an long iompuighthe isteach ar an leic. Acht deirtear gur ceó a chuir amugha í.
    Bhí Ned Mór agus Learaí Ó Biadh ag iasgach i gcurrach lá Snámhtóir maith abhí i Learaí acht ní raibh mórán snáimh ag Ned.
    Deirtear nach raibh sa gcurrach acht an bheirt cinnte, acht chonnaic na daoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Cualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Ó Cualáin
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway