School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0259
- XML “Ridire na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eile agus bhí sé ceangailte, an lá a leigfeadh sé na gaisgidhig eile amach ní leigfeadh sé seisean leó.
Aon lá amháin chuaidh Ridire na gCleas amach as an mbaile agus d'fhágh sé eisean ins an fuinneóig ba aoirde abhí san teach, an áit nach raibh rud ar bith le fághail aige Agus nuair a bhí chuile dhuine imthighthe as an teach acht é féin agus an cailín d'iarr sé deoch uirtí. Dubhairt sise dhá bhfághadh a máigistir amach uirthí é go marbhóchad sé í. "Ní cloisfidh aon duine go deo é" adeir sé, "ná bíodh faitchíos ort; ní mise innseóchas é. Thug sí suas an deoch uisge chuige annsin agus nuair a chuir sé a chloigeann ins an uisge dhá ól rinne sé eascon dhe féin agus chuaidh sé síos ins an soitheach, bhí sruthán beag uisge taobh amuigh de'n doras bhí rith go ndeachaidh sé isteach ins an abhainn agus chaith sí an fuighleach amach ins an abhainn. Bhí sisean ag imtheacht annsin agus é na eascoin ins an abhainn ag tarraingt abhaile.
Nuair a tháinig Ridire na gCleas abhaile chuaidh sé suas go bhfeiceadh sé an fear a d'fhágh sé ceangailte agus ní bhfuair sé é ann roimhe. D'fhiafruigh sé de'n chailín ar airigh sí ag imtheacht é nó ar airigh sí rud ar bith thug cead dhó imtheacht. Dubhairt an cailín nár airigh acht go dtug sí féin braon uisge chuige.
"Agus cár chaith tú an fuighleach do bhí aige?" adeir sé.
"Chaith mé san sruthán amach é" ar sise.
"Tá sé imthighthe ina eascon san abhainn," adeir sé, "gléasuighidh suas" adeir sé leis an dáréag gaisghidheach," go leanfamaoid é."
Rinneadar dhá mhada déag uisge dhíobh féin agus leanadar ins an abhainn é agus nuair bíodar ag teacht suas leis ins an abhainn d'eirigh sé na éan as an abhainn ins an aer.
Nuair a fuair siad amach gur imthigh sé as an abhainn rinneadar dhá sheabhac dhéag díobh féin agus d'imthigheadar ina dhiaidh.
Fuiseóg do rinne sé dhe féin agus bhíodar ag teacht suas leis.
Nuair fuair sé iad ag teannadh leis agus nach raibh sé indon dul uatha, bhí(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway