School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0239
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    má's mian leis" "Go deimhin is fearr liom í ná ríoghacht agus maoin shaoghalta m'athar acht badh mhaith liom í thaisbeáint dhó i riocht Iolar Chlúmhaighe an óir ar eagla go mbeadh amhras ar bith air nach í atá ann."
    "Bíodh mar sin" ars an an t-sean bhean, "acht tá sí saor ó dhraoidheacht ó'n oidhche seo amach"
    "Tá focal agamsa le rádh" ar san bhean óg céarda déanfas sibh le mo chóisteóir?
    "Nídh ar bith is mian leat" ar siadsan. "Cuir ar ais é chun an caisleáin", ar sise; "tá cómhacht agat-sa a mháthair." Tharraing an tsean-bhean slaitín draoidheachta amach agus chuir sí an cóisteóir ar ais chun an caisleáin. "Tabhair do bhean abhaile leat," adeir sí, "an méid do bhí agam le déanamh tá sé críochnuighthe. Is maith liom imtheacht chun suaimhnis, Beannacht libh." Agus d'imthigh sí as radharc.
    Bhí an righ ag siubhal i láthair a chaisleáin nuair a chonnaic sé Niall agus a bhean ag teacht. Rith sé chuighe agus thosuigh sé ghá phógadh. Níor fhéad sé labhairt le teánn lúthgháire acht thosuigh sé ag silt na ndeór. "Naoi gcéadmíle fáilte romhat a mhic mo chroidhe. Cé hí seo leat?" "Sin í mo bhean, Iolar Chlúmhaighe an Óir." Bhí an comairleóir críona i láthair agus dubhairt:-
    "Is í go deimhin agus is inghean ríogh í."
    An oidhche sin chonnaic an rígh í i riocht Iolar Chlúmhaighe an Óir, agus bhí an oiread sin lúthgháire air gur thuit sé siar marbh. Bhí an ríoghacht agus maoin saoghalta a athar ag Niall annsin agus Iolar Chlumhaighe an Óir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway