School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0237
  3. XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Acht tráthnóna an tríomhadh lá tháinic sí fhéin amach ina a cóiste agus nuair a bhí sí ag gabháil thairis dhruid Niall anonn léithe agus chaith sé an púdar uirthi. Nuair a chuaidh an púdar uirthí rinne sí í fhéin chomh beag le dreóilín agus thug léim isteach sa mbosga Léim Niall ar a capall acht fuair an cóisteóir greim ruball air agus níor fhéad sé imtheacht Chualadh sé guth 'na chluais ag rádh: "Greim-cruaidh ualach-éadtrom agus marchaigheacht san aer," agus ní túisge abhí an focal as a bhéal ná d'eirigh an capall suas san aer thug aghaidh ar Éirinn ag imtheacht chomh luath leis an ngaoith Mhárta agus an cóisteóir greamuighthe dá ruball ag sgreadach chomh h-árd agus a bhí 'na cheann. Níor bh'fhada go dtáinig an capall slán folláin go talamh ins an áit ar casadh Niall agus an t-sean-bhean ar a chéile. Bhí sise san áit roimhe agus dubhairt: "Fáilte rómhat ar ais ó'n Spáinn. Feicim go bhfuil searbóghanta leat, a mhic an Ríogh." "Tá, go raibh maith agat-sa" ar seisean "agus tá Iolar Clúmhaighe an Óir go cúramach agam ins an mbosga beag"
    "Taisbeán dom í," ars an t-sean-bhean, is fada ó bhí Radharc agam uirthi.
    D'fhosgail Niall an bosga acht a n'áit éinín léim an bhean is deise dhá bhfacaidh súil ariam amach as
    "O m'Inghin alúinn thú," ars an
    tsean-bhean, "is fada thú imthighthe uaim, agus ní fheicfinn go deó tú marac an mac Ríogh seo agus bronnaim air tú anois
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway