School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0232
  3. XML “Buachaillín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaillín 'na chómhnuidhe thiar ar an gCaorán 'san áit a bhfuil "Balla Bhuacaillín" anois. Bhí sórt teach aig annsin déanta isteach sa mballa. Bhí sé pósta acht níor chualas ariamh go raibh aon chlann aige. Ba droch-dhuine a bhí ann. Bhíodh sé ag goid géabha, cearca agus caoire. Dhá gcloiseadh sé go mbeadh caoire marbhuighthe ag duine ghabhfadh sé go dtí an duine sin agus chaithfeadh sé píosa dí a fhághail. Bhíodh sé ag teacht amach roimh dhaoine agus chaithfidís a raibh aca a thabairt dhó. Tá sgéal ráidhte faoi:-
    Bhí gasúr beag ag teacht an bóthar lá anuas ag Loch an Iolraigh agus bhí cloch mhin-choirce aige. D'eirigh buachaillín amach roimhe agus bhain sé an chloch min-choirc[?] de'n ghasúr beag agus mharbhuigh sé freisin é.
    Tráthamhail go leór tháinig gárda an bealach. Chonnaic sé fuil ar an gcloch agus bhí fhios aige go raibh droch-obair éicint deánta. Bhreathnuigh an gárda isteach i bpoll a bhí ann agus chonnaic sé an gasúr beag caithte síos ann agus é marbhuighthe.
    Cuireadh tuairisg uainéaraí an pháiste agus fríothadh iad. Chuaidh athair an ghasúir agus an gárda go dtí buachaillín agus chuartuigh siad an áit a raibh sé agus fuair siad an mhin-choirce thíos ins sa mála céadna abhí ag an ngasúr. Tóigeadh buachaillín annsin agus cuireadh amach go dtí na hIdiacha é agus deirtear go mb'shin é an áit ar cuireadh i dtalamh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Bolustrom
    Gender
    Male
    Informant
    Labhrás Ó Conghaile
    Gender
    Male