School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0229
- XML “Iolar Chlúmhaigh an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Clumhaighe an Óir. Ar maidin lá ar na bháireach thug an ríogh sporán óir agus capall maith do gach mach agus d'imthigheadar ag tóraidheacht Iolar Chlumhaighe an Óir. Nuair a tháinig siad go dtí an chéad cros-bóthar dubhairt Niall: "Sgaramaois annseo agus an té thiocfas slán ar ais i dtosach gearradh sé lorg na croise ar an gcloich mhóir sin ar thaobh an bhóthair." Dubhairt siad go ndéanfadh siad sin. Sgar na dearbhráithreacha tar éis sin agus lean gach fear aca a bhóthar fhéin.
Anois chuaidh Aodh ar aghaidh maith go leór agus nuair bhí dorchadas ag teacht chuaidh sé isteach i dteach agus chuir an chailleach fáilte roimhe agus dubhairt sí leis go raibh biadh, deoch agus leabaidh le fághail aige gan ór gan airgead. Thug Aodh buidheachas dí agus dubhairt sé go raibh neart óir agus airgid aige le na bhealach a íoc. Dubhairt an chailleach nár ghlac sí féin íocaidheacht ar lóistín aon oidhche amháin ariamh agus nach nglacfadh "Acht fág agam trí ribe róin as ruball do chapall sul má imteócas tú ar maidin"
"Go deimhin fágfad," adeir Aodh," "agus céad ribhe"
D'ith an mac Ríogh a sháith agus thug an chailleach coirce do'n chapall.
D'fhiafhruigh an chailleach d'Aodh ce'n fad a bhí air a dul. "Táim ag dul go dtí an Spáinn ag tóraidheacht éin dom athair agus ní bheidh sé beó gan i; agus má eirigheann liom í fhághail beidh (tá) ríoghacht m'athar(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway