School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0212
  3. XML “Na Blácaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Blácaigh
    Áine Ní Fhagharta
    Tomás Ó Fagharta a deartháir (21) as Baile na hAbhann a d'inis di
    Sé an t-ainm atá ar an dúthaigh seo ná dúthaigh an Bhláca. Sén fáth a tugadh an t-ainm sin air dream Sasanaigh deirtear a tháinig as Cúige Uladh ag sé an t-ainm a tugtaí orthu na Bláca.
    Do chuir siad fúthu i mBaile na hAbhann, bhí siad ag creachadh, ag goid agus ag fuadach ó na daoine agus chuir siad fé smacht iad. Chuir siad faoi ndeara dóibh cíos a íoc leo agus duine ar bith nach n-íocfadh é sin do chaithfeadh siad amach as a chuid talamh é gan trua gan taise.
    Bhíodh na daoine a dul ag obair acu gan páigh gan tada agus bhíodh orthu freisin dá mbeadh capall ná bó ná caora ná aon rud maith mar sin acu, chaithfeadh siad iad a thabhairt dóibh. Do Leanadar mar sin i bhfad go raibh daoine scriosta céasta agus bánaithe acu. Bhí siad chomh dona leo ag an deireadh go raibh siad ag baint a gcuid éadaigh de na daoine agus á scaoileadh amach ina gcraiceann.
    Lá amháin dá raibh daoine ag dul chuig an Aifreann i bhfoisceacht céad slat don séipéal chonaic an sagart bean agus í ina craiceann. Chuaigh sé go dtí í agus d'fhiafraigh sé di céard a bhi uirthi agus dúirt sí go b'iad na Bláca a bhain a cuid éadaigh di.
    Do bhí an oiread sin feirge ar an sagart is gur léigh sé Sailm na Mallacht orthu. Sé an tAthair Ó Cuirligh a léigh orthu é agus uaidh sin amach bhí dhá gcailleadh ó dhuine go duine go dtí nach raibh duine ar bith fágtha acu ann agus ní bréag a rá nár chaoin muintir na háite mórán ina ndiaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhágharta
    Gender
    Female
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Fágharta
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Age
    21
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway