School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0199

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0199

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0199
  3. XML “Triúr Mac An Rí Agus an Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mise an bhean saor uatha an oidhche roimhe sin. Níor fhéad mé aon bhlas a dhéanamh acht bhailigh mé mo shean-eire cloch agus suas liom ar an gcrann.
    Nuair abhí an triúr ag dul thar an gcrann chonnaic siad mé féin thuas ar an gcrann agus dubhairt siad liom go raibh mé i ngreim anois. Shíl duine aca a dul suas go dtí mé acht chuir mé anuas é le clocha. Shíl an darna fear a dul suas acht chuir mé anuas é sin freisin. Shíl an tríomadh fear a dul suas acht ní leig mé é sin suas acht an oiread. Nuair nach raibh siad indon aon rud a dheanamh orm rinne siad trí thuag dhíobh fhéin agus thosuig siad ag gearradh an chrainn.
    Bhí sé beagnach gearrtha aca nuair a glaoidh an coileach agus dimthig siad leó annsin.
    "Nach mó an gábhadh é sin ná mé a bheith crochta annseo."
    Bhí darna mach an rí saor an uair sin.
    Crochadh suas an Gadaidhe Dubh aríst agus d'fiafruigh an rí dhó a raibh sé i ngábhadh ariamh níos mó ná sin.
    "Bhíos" adeir an Gadaidhe Dubh.
    Bhí mise lá ag dul an bóthar agus bhí mé ag dul thar teach.
    Bhí bean i ndoras an tighe agus í ag caoineadh. D'fhiafruigh mé dhí cé'n fáth a raibh sí ag caoineadh. Dubhairt sí liom go ndubhairt an fathach leí an páiste a bhí aice a bheith bruithte dhó féin nuair a thiochfadh sé aríst. Dubhairt mé leí mada a mharbhú agus ladhraicín an páiste a chur síos sa bpota in éinfeacht leis agus annsin dhá n-iarrfadh an fathach nach hé sin an páiste teasbáin an ladhraicín dhó. Dubhairt an bhean liom fhéin an mada a mharbhú. Mharbuigh mé an mada agus d'fhean mé é agus chuir an bhean sa bpota annsin é agus ladhraicín an pháiste in éinfheacht leis. Ba ghearr a bhí an mada dhá bhruith nó go dtáinig an fathach agus ní raibh áit agam fhéin le dhul acht chaith dhíom agus a dul siar i seomra in áit a raibh daoine marbh agus luigh siar na measg. D'fhiafruigh an fathach de'n bhean a raibh an páiste sin bruithte aice. "Tá," adeir an bhean agus leag sí aige an mada
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Bolustrom
    Gender
    Male
    Age
    1166929
    Informant
    Séamus Bolustrom
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway