School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0189
  3. XML “Fios Bháis an An-Scéalaí agus an Claidheamh Solais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mé go dtí a teach fhéin agus bhí an-chion aige orm. Ba ghearr 'na dhiaidh sin gur rug a bhean páiste agus gach páiste dá mbeireadh sí goidtí é. Acht rinne mé féin comharthaí leis an rí mé a fhágáil ag faire an pháiste. Níor mhaith leis an mbean sin mar cheap sí go n-íosfadh mé fhéin an páiste acht ní raibh aon mhaith dhí a bheith ag cainnt. D'fhág an rí mé fhéin ag faire an pháiste. Tamall amach san oidhche chonnaic mé láimh fir ag teacht anuas san simléar ag iarraidh an páiste a ghoid. Bhain mé stracadh as laimh an fhir agus leis an stracadh uathbhásach a bhain mé aiste tharraing mé an láimh ó'n ngualainn de'n fhear. Thuit an láimh ós mo chionn fhéin agus ní raibh mé indon í a chaith dhíom. Sháith an fear anuas an láimh eile agus goid sé an páiste. Nuair d'eirigh bean an rí bhreathnuigh sí sa gcliabhán agus bhí an páiste goidthe. Chuaidh sí go dtí an rí agus dubhairt sí leis gur ith mé féin an páiste. Tháinig an rí i leith, chonnaic sé an láimh agus thuig sé an scéal. Bhain mé féin tarraingt as an rí gá iarraidh go leanfadh muid an fear a ghoid an páiste.
    'Tá an mada seo,' adeir an rí, 'go mo iarraidh in áit eicint'... ' tá an iomarca áird agad ar an mada céadna," adeir an bhean.
    Gléas an rí a chuid capall agus lean an mada. Bhí mé ag imteacht liom nó (gur) go dtáinig mé go dti an fhairrge. Amach liom san uisge mar fuair mé boladh an fhir a ghoid an páiste. Bhí mé ag imtheacht liom go dtí go dtáinig sé go dtí oileán. Bhí teach ar an oileán agus bhí an páiste istigh sa teach agus triúr páiste eile a bhí goidthe aige ó bhean an rí roimhe sin.
    Bhí an claidheamh solais crochta ar an mballa ós cionn leabaidh an fhir a ghoid an páiste. Chuir mé mo chrúba i bfastódh innte acht thuit sí anuas ar mhuinnéal an fhir a bhí sa leaba agus baineadh an cloigeann dhó. Thug mé liom an claidheamh agus chuir mé i bfolach í in aice na fairrge. Tháinig mé annsin agus thug mé liom an páiste a goideadh an oidhche roimhe sin agus an triúr páiste a bhí goidthe roimhe sin. Thug mé liom na páistí go dtí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Bolustrom
    Age
    13
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Informant
    Séamus Bolustrom
    Gender
    Male
    Age
    60