School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0182
  3. XML “Stail Righin Uí Dhúbhgáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Gaoithe dhíot agus pota fola ar an taobh eile agus an gráinne coirce a chuirfeadh an ghaoth síos sa bpota fola thú bhieth ghá ithe aníos ar.”
    Shuidh an bheirt acu sí ag a teine agus sáthach brónach. Nr. a tháinic an t-athair isteach tráthnóna bhíodar annsin ag a’ teine roimhe agus iad sáthach brónach dóibh féin.
    “Chuirfinn geall ar bith” adeir a t-athair, “go bhfuil geasa aici ort”?
    “Tá,” adeir an mac, “acht is beag atá dhá bharr aici féin,” adeir sé. “Tá sí féin ar bharr crainn soithighe móire, punann choirce ar taobh na gaoithe dhi agus pota fola ar an taobh eile.
    Dubht. an t-athair leis an mac go mbadh cheart dóibh mathadh dhá chéile. Dubht. an mac nach maithfeadh ná go deó “Má’s bás atá lem’ aghaidh,” adeir sé, “tiocfaidh mé thríd.”
    An oidhche sin tháinic seanfhear gu’n bhaile isteach ag cuairt. Chonnaic sé nach raibh an dream istigh in “iúmur.” Dubhairt sé nach lasfadh sé an píopa anocht chor ar bith. “Tá geasa acu se oar a chéile,” adeir sé. Hinnsigheadh chuile short dhó agus bhí sé ag iarraidh orta maitheadh dhá chéile. Ní mhaithfeadh an mac di.
    Lá’r na mháireach chuaidh an l.mh. suas sa gcrainn agus thug sí léi an pota fola agus an punann choirce. Nr. a bhí an mac ag imtheacht d’iarr sé ar an athair mála óir a líonadh dhó agus líon. Nr. a bhí sé ag dul amach a’ doras chuaidh an fear eile in éindigh leis tamall agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Informant
    Micil Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway