Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Aimsir
Bíonn a fhios ag na sean daoine athrú na h-aimsire cuid aca a mbíonn sgoilteacha ortha bíonn pian ionnta nuair a bíonn báisteach air, cuid eile aca bíonn plúchadh agus gearr anáil ortha nair a bhíonn droch-aimsir air.
sléibhte a bheith ag breathnú comhgarach dhuit simsir dhona, agus iad a bheith i bhfad uait aimsir bhrágh. Bíonn ceó ag imtheacht don bhóthar le triomacht.
Nuair a bhíonn an fharraige liath=bhán baisteach agus nuair a bhíonn go leór dathanna uirthi, baisteach; agus nuair anach mbíonn aon mharbhú ar iasc na fairrge, báisteach. Nuair a bhíonn sgáile na dtighthe san loch, baisteach
bíonn chuil táigh san bhfairrge ag iarraidh báisteach agus chuile coradh ag iarraidh triomacht.
Nuair a labhrann Tráigh an tobair báisteach a bhíonn air agus nuair a labhrann Tráigh Chiumhais bíonn athrú aimsire air. Nuar a bhíonn sruth Mháire Ní Fheinneaha ag torann gaoth adtuaidh a bhíonn air agus nuair a labrann Cara na Mona in Bhaile na h-Abhann bíonn sioc air. Nuair a labhrann Eas an Mhuilinn, gaoth anoir.
ar Clochar na céibhe bíonn an maor'uisge ag imtheacht isteach is amach agus nuair a bhíonn a chlogeann in aghaidh na gaoithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Nic Cualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Cualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. Galway