School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0170
- XML “Mada Bán na nOcht gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an doras agus sí an cailín aimsire a cuireadh amach chuige Dubht sé narbh shin í a bhean agus faoi dheireadh b'éigean a bhean féin do chur amach chuige, agus d'imtigh siad leó. An tríomhadh lá tháinic Mada Bán na hOcht gCos agus bhuail sé ar an doras. Cuireadh an t-sean-chailleach amach chuige acht dubht. seisean nárbh shin í an bbhean a bhí sé 'iarraidh. Annsin cuireadh an cailín aimsire amach agus dubht sé narbh' shin í an bhean acht an oiread. Acht faoi dheire b'éigeann inghin a b'óige a chur amach chuige agus d'imthigh siad leó. Sé'n sórt duine a bhí i Mac R. an D. Thoir, bhíodh sé 'n fhear sa ló agus na phréachán san oidhche agus sé'n sórt duine a bhí i mac R. an D. Thiar bhíodh sé 'n fhear sa ló agus na phréachánn san oidhche freisin; agus sé an draoidheacht a bhí ar Mhada B. h-8 gCos bhíodh sé 'na mhada bán sa ló agus in[a] fhear san oidhche. Faoi cheann sgathaimh chuir an Ríog fios ar a triúr chiamhan go mbeadh 's aige cé'n sórt fir a bhí ag na h-inghineacha. Tháinic siad. An oidhche seo d'fhan an Rí 'na shuidhe go bhfeiceadh cé'n sórt fir iad. Chuaidh sé ag an seomra a raibh inghin is sine ann agus ní raibh ann ach préachánn ar an bpeiliúr le n-a taobh. Chuaidh sé chuig an seómra a raibh an dara h-inghin ann agus ní fhaca sé ann ach préachán mar an gcéad cheann. Chuaidh sé annsin go dtí an seomra a raibh an inghin a b'óige ann agus chonnaic sé fear breagh dathamhail sa leabaidh. Bhí an Ríog an t-sásta leis an bhfear a bhí ag an inghin a(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Age
- 18649
- Informant
- Tomás Ó Fatharta
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway