School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chúl a chinn ins an ngealach bíonn stoirim air.
Oidhche chiúin agus na néalta ag lonnrú go deas bíonn sioc air. Nuair a bhíonn na réaltóga ag tuitim bíonn gaoth adtuaidh air. Bíonn na sgamaill ann le gaoith agus le báisteach, sgaitthe bíonn an bogha leac ann le h-aimsir dona. Nuair bhíos an ghealach leath-báidhte bíonn
droch-aimsir air. Gaoth adtuaidh, sioc, gaoth andeas, báisteach, agus má bhíonn an ghaoth ag athrú go minic ní bhíonn an aimsir socruighthe. Gaoth anoir-ndeas an ghaoth is mó a bhéarfas báisteach chugainn Nuair a bhíonn na h-éanlaith ag eitil go h-árd bíonn aimsir bhreágh air agus nuair abhíonn siad ag eiteal isteach ón bhfairrge aimsir bhreágh. Dhá mbeadh na cearca dhá bpiocadh féin bheadh báisteach air agus freisin dhá mbeadh druideacha ag tigheacht in aice an tighe bheadh sneachta air. An cat in aice na teine báisteach Má bhíonn an cat ag sgríobadh an dorais taobh istigh gaoth adtuaidh a bhéas ann agus má bhíonn sé ag sgríobadh an dorais taobh amuigh gaoth andeas a bhéas air, agus má bhíonn a tóin leis an teine beidh sioc air. Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir beidh sioc ann. Na caoirigh ag teacht lé chéile ar an sliabh comhartha aimsir bhreágh deirtear(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Nic Cualáin
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Colm Ó Cualáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway