School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0156
  3. XML “An Coileach agus Ceaircín an Tioc-Tioc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    -Céaige chuala tú é? ars an lacha
    -Mo dhá chlúais a chuala é, mo dhá shúil a chonnaic é i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh cloch é bheadh mé marbh.
    -Tá sé chomh maith agamsa dul in éinfheacht libh, adeir a' lacha
    -Déanfaidh sin, ars an coileach, agus ar aghaidh leó nó gur casadh sionnach dóibh
    -Cá bhfuil sibh a' dul?, adeir a' sionnach?
    -Ó, tá sé 'na chogadh dearg ars an coileach.
    -Cé aige chuala tú é? ars an sionnach.
    -Mo dhá cluais a chuala é mo dhá shúil a chonnaic é srl. agus dá mbadh cloch é bheadh mé marbh.
    -Tá sé chomh maith agam-sa dul in éinfheacht libh, adeir an sionnach -Déanfaidh sin, adeir an coileach.
    D'imthigheadar leo go dtáinic an oidhche ortha. Isteach leó, i bpúirtín beag agus chuireadar síos teine. D'itheadar a mbéilege ach ní raibh an sionnach sáthach fós.
    -Cuireadh muid ar dtóin leis an teine, adeir an sionnach, sa gcaoi go mbeidh 'fhios againn an chéad duine phléasgfas.
    Chuir siad a dtóin leis a'' teinidh agus pléasg a' lacha.
    D'ith an sionnach an lacha. Chuir siad a dtóin leis a' teine arís agus nuair nár eirigh an timpiste d'aon cheann acu bhain an sionnach pioc beag ar tóin na gé agus [?] sí. D'ith an sionnach arís an gé.
    -Níl ann anois ach muid féin, ars an sionnach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0020C: The Animals Flee in Fear of the End of the World
    AT2033: A Nut Hits the Cock's Head
    Language
    Irish
    Collector
    Muintir Coisdealbha
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway