School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0152
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tagann lá Féile Stiofáin indiaidh lá Nodhlag. Sin é lá an Dreolín. Déanann na daoine bosga bheaga don dreóilín agus fágann siad puill bheaga ar an mbosga sa gcaoi go mbeidh aer isteach aige. Tugann na páiste beaga leó an bosga annsin agus imthigheann siad leó agus tosuigheannn siad ag cuartú ins na claidheacha agus i mbun-tsop an tighe agus má fhághann siad an dreóilín cuireann siad isteach ins an mbosga é agus cuireannn siad a mbéal isteach leis an mbosga agus tosuigheann siad ag casadh amhráin:-

    Dreoilín, Dreoilín Rí na n-éan,
    Lá Fhéil' Stiofán do gabhadh an t-éan
    Is mór é a mhuinntir agus is beag é fhéin
    Agus dhá mbeadh gunna agam chaithfinn é

    Téigheann siad ó theach go teach annsin agus an port sin ar siubhal aca agus tugann muinntir an bhaile airgead dóibh.
    Nuair a bhíonn sé na tráthnóna scaoileann siad amach an dreoilín agus téigheann siad ag an siopa agus ceannuigheann siad milseáin agus bíonn siad sásta tar éis an lae.

    Ní bhíonn aon "láir bhán" acu san áit seo. Ní théigheann tart leis an dreóilín acht na buachaillí beaga agus corr-dhuine acu sin féin.
    T. O'S
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Stephen (~402)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Bolustrom
    Gender
    Male
    Age
    15
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway