School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0121
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sé an áit a mbíodh na scoileanna aca fadó ins na tighthe 's na bailte tart. Sé Mairtín Ó Briain a bhíodh ag múineadh ar an gCaorán agus is i dtighe Mháire Bhreathnach a bhíodh an sgoil aca. 'Sé an páighe a gheobhadh na múinteóirí ó gach leanbh ná pinghinn i n-aghaidh na seachmhaine agus nuair a théighidhir amach sa dara rang bheadh orthá dhá phinghinn a íoc agus leith phinginn i na dhiaidh i n-aghaidh gach rang dhá dteighidir. Cathánach an sloinneadh a bhí ar an múinteoir a bhí ag múineadh i Rosamhíl. Slintreacha a bhíodh aca an uair sin agus peann cailce mar a gcéadhna lé bheith ag sgríobhadh. Sé an áit a mbíodh na múinteóirí 'na suidhe ná an stól agus bhíodh poll mór i na lár agus dfhéadfadh an múinteóir a lámh a chuir ins an bpoll agus an stól a thabhairt leis i ngach áit dhá dteigheadh sé. Ní labhruigheadh aon múinteóir Gaedhilge an uair sin ach Béarla. Chuirfeadh an múinteóir cipín faoi mhuineal gach leanbh ar faitchíos go labhróchaidís Gaedhilge. Dheireadh an múinteoir dhá labhróchadh go n-innseóchadh an cipín é. 'Sé an caoi a mbíodh a fhios ag an múinteóir dhá labhróchadh siad Gaedhilge, d'eireóchadh an gasúr dearg agus bheadh a fhios ag an múinteóir gur labhair sé Gaedhilge.
    *Bhidís a' rádh go n-innseóchadh an cipín (tally) chuile shórt - dá mbeadh gasúr ag innseacht bréag srl. -Máire Ní Leainde 84 Ros a'Mhíl.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish