School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 335
  3. XML “Ná Siógaí agus an Pota Bracháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tuigh géar agus bhí sé abalta ráchthail. Fuair sé an cró agus an póta bráchain istigh ann mar chualaidh sé an sidheóg ag rádh. Thug sé leis abhaile an pota agus théidh sé cuid dé’n bráchan agus thug do ‘na dhearbhráthair é. Ach ní rabh maith ann - níor chuir sé athrach ar bith air. Oidhche lá ar na bharach bhí an fear amuigh arís ins an pháirc. Mhothuigh sé na sidheóga ag cainnt ar ais. Seo an cainnt a chualaidh sé. “Ghoid rogaire eiginteacht an póta bráchain aréir” arsa fear acu. “Cuirfidh mé geall”, arsa duine eile acu, “gur dearbhráthair do’n fhear sin thall a bhí ag eisteacht linn, a thug leis é. Má thug fhéin is beag an mhaith a rinne sé dó. Dá dtabharfadh sé le h-ól ar bhainne gábhair dó’n fhear gan chainnt é, bhéadh biseach air ar an bhomaite.
    Dimthigh an fear ‘na bhaile go gasla agus théidh sé cuid de’n bhrachan, annsin chuir se bainne gabhair air agus thig sé le h-ól do na dearbhráthair é, Bhí biseach air, ar an bhomaite agus bhí sé abalta an scéal uilig a innse do na chuid daoine. Bhí iongantas mór ortha cinnte nuair a chualaidh siad é, ach thug siad buidheachas dó Dhia, cionnus é ‘béith slán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal