School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 333

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 333

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 333
  3. XML “Ná Siógaí agus an Pota Bracháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thart fá'n chrann. Ní raibh i bhfad go raibh sgafta mór béithigh le feiceal aige agus sidheóg ag marcaídheacht ar gach aon cheann acu. Ní raibh i bhfad, annsin, gur imthigh siad leobhtha, an fear a's uile. Sa deireadh thainig siad fhad le teach in a raibh fear ag déanamh póitín. Bhí bean an toighe ag déanamh bráchain nuair a shroich siad an teach.
    D'iarr na sidheóga ar an fhear a dhul isteach a's buidéal póitín a bhí ar an dreisiúir a cheannacht ó fhear an toighe.
    Thug siad an t-airgead dó, agus chuaidh sé isteach. Nuair a chonnaic bean an toighe an fear coimhigheach ag teacht isteach, fuair sí greim ar an bhuidéal a's chaith sí an méid a bhí ann fríd an bhrachain. Thosuigh fear a' toighe ag bagairt uirthi, cionnus seo a dhéanamh. Annsin d'innis an fear uile a gnóithe dó. D'imthigh fear an toighe amach a's thainig sé ar ais le lán buideáil eile. Ghlac an fear an buideál uadh a's dhíol sé é go maith. D'iarr bean an toighe air fanacht, go bhfuigheadh sé braon dé'n bhrachán acht dubhairt sé nach raibh faill aige fuiseacht. D'imthigh sé annsin a's nuair a chuaidh sé fhad leis na sidheóga, d'iarr siad air pilleadh isteach arís agus an póta brácháin a ghoid. Lith an fear isteach, rug greim ar an phóta agus do na sidheóga annsin léim siad uilig ar na béithidhigh a's ar siubhal leobhtha arís.
    D'imthigh siad leobhtha annsin go dtí go dtainig siad fhad leis an chrann caorhain arís. Tuirlaing siad do na béithigh agus d'iarr na sidheóga ar an fhear a bheathach a cheangáil do'n crann agus fanacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal