School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 329

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 329

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 329
  3. XML “Fear an Tearmainn agus an Seachrán a Tháinig air”
  4. XML “Cailín Chlochán Liath agus an Salann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    acht é ag rith leis fríd na beanntrácha a’s uile agus fear an Tearmóinn ag iarraidh ‘bheith na ‘dhiaidh.
    Bhí siad mar sin go dtí an mhaidín a’s se’n áit a rabh siad thíos ins na meillte gainimh os coinne Carraig Áirt. Bhí siad ‘na suidhe annsin a’s níor aithin a’n dhuine acu cá h-áit a bhí siad. Chonnaic siad Carraig Áirt ach níor aithin siad é. Chonnaic siad fear ag teacht ó na Dúnaibh le beathach a’s carr agus dubhairt siad le na chéile go bh’fhiafrochadh siad de’ cé’n báile sin thall. D’innis an fear dobhtha ainm an bhaile agus arsa séisean. “Caithfidh sé go dtainig sibh giota maith nuair nach bhfuil fhíos agaibh Carraig Áirt”. Thainig muid giota maith” arsa fear an Tearmóinn. D’imthigh an seachran diobhtha annsin agus thug siad buidheachas do’n fhear. Annsin, chuaidh ‘ach a’n dhuine a bhaile.
    [D’innis Pádraig Ua Gallchobhair an sgéal seo, a’s fuair seisean é ó Antoine Ua Gallchobhair a fuair bás ‘san bhliadhain 1888]. Doireáschlaidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cailín Chlóchan Liath agus an Sálann.
    Bhí táchran ‘na comhnuidhe ‘n aice leis an Chlochán Liath dar b’ainm dí Sighle Nic Dhómhnaill, tá fhad ó shoin.
    Oidhche amháin, chuir a máthair isteach ‘na bhaile mhór í fa dhéin tae agus suicra a’s rudaí mar sin. Tharla sé ar chaoi ar bith, go bhfuair sí luach pinghne shalainn. Oidhche bhréagh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal