Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Donegal
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Fear Mhíonformhlaigh agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a's cupla fear eile. Chuaidh siad ar meisge agus bhí sé indiaidh an seacht a chlog nuair a d'fhág sé an Gleann. Chuaidh siad go dtí'n droichead annsin a's chonnaic siad morán fuil, annsin bhí fhíos acu go an bhean marbh ag na sidheóga.
    Bhí brón mór ar an fhear acht chuaidh s é chuig an darna bean a's d'innis duithe cáide tharla. "Agus rud greannmhar," arsa seisean, "d'innis í domh gur i mbeanntracha Míonformlaigh a chuirfidh chun báis í acht ar droichead an Gleann Áird a mharbhadh í." "Tá fhíos agam cáide mar tharla sin," arsa'n bhean, "bhí mé ag coimhead ar an rud uilig. Nuair a bhí sí ag dul thairis an droichead thoisigh sí ag béicfidh a's ag caoineadh cionnus nach rabh tusa annsin, creidim." "Glac na sidheóga an oiread sin feirge leis an challan a thóg sí, gur mharbhuigh siad í." "Tchím, tcím," arsa'n fear, "sin an rud a rinne an t-ól orm acht ní phosam tusa nó bean ar bith eile choidhche."
    D'imthigh sé 'na bhaile, acht choinnigh sé a fhocal go maith mar chaith sé a shaoghal diomhaoin (?) 'ndiaidh sin.

    (Fuair mé an scéal seo ó Phádruigh Ua Gallchobhair a's fuair séisean é ó Antoine Ua Gallchobhair, a fuair bás 'san bhliadhain 1888 Doire'aschlaidhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Derriscligh, Co. Donegal