School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 325
  3. XML “Fear Mhíonformhlaigh agus na Siógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé agus d’innis sé an scéal go h-iomlán do’n dárna bean. D’iarr sise an rud a dheanamh a d’iarr an bhean eile air, agus go bfuighfeadh sise é arís.
    “Cáide an sgor a ndeannfa sin?” arsa seisean. “Ní bhíonn maith ar bith ins an bhean eile domhsa, ma shadhluim í fhéin”. “O béidh” arsa an dara bean, “Ma buaileann tusa an beathach buidhe leis an sgian ‘san taoibh, tuitfidh an beatach a’s an bhean fósta. Annsin rith tusa agus fa greim uirthi agus gearr an Chrois Chéafta thart fa dtaoibh dí”. Bhí iongantas mór ar an fhear nuair a thug an bhean gach rud. D’aithin sise seo air a’s deir sí; “béidh fhíos agat rud anois nach raibh fhios agat. Bhí mise ag na sidheóga fósta ar feadh dhá bhliadhain. Bhí an rud ceadna i ndán domh a’s tá i ndán do’n bhean sin eile acht shabhail mo dhearbhrathair mise ar dhroichead an Ghleann Áird le sgian a chaitheamh ar an bheathach a raibh mé air. Bhí fearg mhór ar na sidheóga annsin agus dubhairt siad go bhfuigheadh siad bean in mo áit a bheirfeadh trioblóid domh-sa arís. Thug siad do bhean sa leóbhtha in mo áit a’s tá sé ag tabhairt rud beag trioblóide domh anóis. Ná má bhíonn sise beo, ní thig liom tusa a phosadh. “Ní thuig go dearbhtha”, arsa’n fear a’s é chor ‘bheith as a cheill le ‘ach a’n rud a bhí ag teacht air.
    Chuaidh sé ‘na bhaile ar chaoi ar bith. Tráthnóna lá ar na bharach, tharraing sé ar an Ghleann, ag féitheamh ar an seacht a chlog. Chuaidh sé isteach go teach ortha annsin - é fhéin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal